-
Comórtas Peile na Gaeltachta 2015

Beidh CLG Ard an Rátha ag reáchtáil Comórtas Peile na Gaeltachta sa bhaile oidhreachta ón 29ú Bealtaine go dtí an 1ú Meitheamh 2015.
Féile bliantúil is ea Comórtas Peile na Gaeltachta a thugann pobal na Gaeltachta ar fud na tíre le chéile i sárthaispéantas peile. Chomh maith le peil, is ceiliúradh é an Comórtas ar chultúr na Gaeltachta idir ceol, rince agus teanga.
Beidh imeachtaí éagsúla ag dul ar aghaidh ar fud an bhaile agus i bpríomh ionad an chomórtais, lonnaithe i bPáirc an Phiarsaigh, chun saibhreas cultúr na Gaeltachta a thaispeáint in éineacht leis an pheil.
Ní glaotar ‘Baile na bhFéilte’ ar Ard an Rátha gan chúis! Beidh an fhéile bliantúil ‘Melting Pot’ ag dul ar aghaidh sa bhaile mór fosta an deireadh seachtaine céanna! Beidh clár suimiúil imeachtaí eagraithe chun cultúr, bia, rince agus ceol idirnáisiunta a cheiliúradh.
A léithéid de chomórtas a bheas ann sa bhaile beag is deise in Éirinn! Radharcanna aláinn, tithe tábhairne den scoth, bialanna blasta, ceol tradisiúnta nascaithe le ceol idirnáisiúnta! Seo uilig le fáil i ngaireacht cúpla bomaite siúil de phríomh ionad an Chomórtais, lonnaithe i bPáirc an Phiarsaigh.
Beidh foscailt oifigiúil Clubtheach CLG Ard an Rátha an deireadh seachtaine seo fosta, áis thábhachtach don Chlub a bheas in úsáid ó ghlúin go glúin. Beidh deis ag cuairteoirí iad féin a thumadh i bpeil, stair, ceol, cultúr agus craic ar feadh cúpla lá san fhéile mhór spóirt agus siamsaíochta seo sa bhaile beag oidreachta, Ard an Rátha.
Bígí linn!
Beidh clár imeachtaí agus tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh CLG Ard an Rátha www.ardaragaa.ie de réir a chéile. Más mian leat lámh chuidithe nó tacaíocht a thabhairt san eagrú don ocáid speisialta seo, téigh i dteagmháil le baill den choiste luaite thíos.
Ní neart go cur le chéile!
secretary.ardanratha.donegal@gaa.ie
Cathaoirleach: Frank Mac Aoidh 087 773 4252
Runaí: Mary Uí Cheallaigh 087 687 8614
O.C.P.: Seoirse Ó Dochartaigh 087 954 7595
Cisteoir: Larry Ó Gallchóir 087 294 5478
Visit the shop…


